TEASTAS I MÚINEADH NA GAEILGE D'FHOGHLAIMEOIRÍ FÁSTA (AR LÍNE)

Qualification
Teastas I Múineadh Na Gaeilge D'fhoghlaimeoirí (Ar Líne)
CAO/MU Apply code
MH83C
Award Type and NFQ level
Certificate Level 6
Study Mode
Part time
Closing Date
30 May 2025

Overview

Cúrsa ar líne atá anseo atá dírithe ar na riachtanais atá ag múinteoirí atá ag múineadh na Gaeilge aon áit ar domhan ag leibhéal ranga meánscoile, ollscoile nó aosoideachais (múineadh ar líne san áireamh). Pléifidh an cúrsa le modheolaíochtaí teagaisc nuálacha, leis an dea-chleachtas i múineadh teangacha agus le scileanna praiticiúla don seomra ranga. Gheobhaidh rannpháirtithe smaointe agus straitéisí nua maidir le múineadh na scileanna cumarsáide. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil aon taithí teagaisc acu, dóibh siúd ar bheagán taithí, agus dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge le fada ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna.

Cúrsa páirtaimseartha ar líne atá i gceist a mhairfidh bliain acadúil. Is ar líne a bheidh ábhar an chúrsa á sheachadadh agus freastalóidh rannpháirtithe ar cheardlanna agus ar chruinnithe ar líne chun tacú leo dul i ngleic leis an ábhar. Beidh cleachtadh teagaisc mar chuid den chúrsa chomh maith agus beidh deis ag rannpháirtithe tacaíocht agus aiseolas pearsanta a fháil maidir lena gcuid teagaisc.


Course structure

Duration: one academic year (part-time)

Disclaimer
The modules below are indicative of the content associated with this course of study.
The modules are subject to change as the curriculum is revised and reviewed annually.

Careers

Tá an cúrsa seo ina bhuntáiste dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh do dhaltaí meánscoile, do mhic léinn tríú leibhéal, agus d’fhoghlaimeoirí fásta atá ag iarraidh cur lena scileanna teagaisc agus pleanála, agus atá ag iarraidh smaointe agus straitéisí nua chun a gcuid ranganna a dhéanamh níos gníomhaí agus níos éifeachtaí dá gcuid foghlaimeoirí.

Entry Requirements

Beidh ar iarrthóirí a léiriú go bhfuil caighdeán ar leith Gaeilge acu chun go mbeidh siad i dteideal áit a fháil ar an gcúrsa, chomh maith leis na scileanna cumarsáide agus teicneolaíochta cuí chun a bheith in ann obair an chúrsa a chomhlíonadh. Chuige sin, beidh scrúdú iontrála (scríofa agus cainte) agus agallamh i gceist ar líne. Beidh an scrúdú bunaithe ar scrúdú TEG B2 (Meánleibhéal 2). Cuirfear treoracha ar fáil maidir leis na scrúduithe agus an t-agallamh nuair a bheidh na hiarratais próiseáilte. Beidh na scrúduithe iontrála ar siúl i lár mhí an Mheithimh.



This table displays the requirements for Leaving Certificate applicants.

Entry requirements table

Subject

Required

Ordinary Level Grade

Higher Level Grade

Irish

Yes

N/A

N/A

English

Yes

N/A

N/A

Language

Yes

N/A

N/A

Mathematics

Yes

N/A

N/A

Science

Yes

N/A

N/A

Beidh ar iarrthóirí a léiriú go bhfuil caighdeán ar leith Gaeilge acu chun go mbeidh siad i dteideal áit a fháil ar an gcúrsa, chomh maith leis na scileanna cumarsáide agus teicneolaíochta cuí chun a bheith in ann obair an chúrsa a chomhlíonadh. Chuige sin, beidh scrúdú iontrála (scríofa agus cainte) agus agallamh i gceist ar líne. Beidh an scrúdú bunaithe ar scrúdú TEG B2 (Meánleibhéal 2). Cuirfear treoracha ar fáil maidir leis na scrúduithe agus an t-agallamh nuair a bheidh na hiarratais próiseáilte. Beidh na scrúduithe iontrála ar siúl i lár mhí an Mheithimh.


How to apply

Líon isteach an fhoirm seo roimh an 30 Bealtaine 2025. Idir an dá linn, má tá aon cheist agat faoin gcúrsa, seol ríomhphost chuig ailin.nichonchuir@mu.ie

Got a question about this course?

Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil
Ollscoil Mhá Nuad
Maigh Nuad
Co. Chill Dara
Éire
Tel/Teil: + 353 1 708 3737
Email/Ríomhphost: ailin.nichonchuir@mu.ie