- Qualification
- Master Of Arts Degree
- CAO/MU Apply code
- MHU50
- Award Type and NFQ level
- Taught Masters (9)
- Study Mode
- Full time
- Closing Date
- 30 August 2025
Overview
Eolas faoin gCúrsa
Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas.
Tá roghanna iontacha ann do mhic léinn sa chúrsa seo laistigh de na conairí éagsúla atá ar fáil dóibh:
- Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
- Litríocht agus Critic
- An MA Nua-Ghaeilge ginearálta
Course structure
Duration: 1 bhliain lánaimseartha
Struchtúr an Chúrsa
Is é aidhm an MA againn go gcuirfidh mic léinn eolas domhain ar roinnt gnéithe de theanga, de chultúr agus de litríocht na Nua-Ghaeilge (ó 1200 AD i leith) agus go mbeidh saineolas acu ar réimse amháin díobh sin de bharr a gcuid taighde.
Tá trí chonair ar fáil do mhic léinn mar chuid den MA Nua-Ghaeilge:
- Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
- Litríocht agus Critic
- An MA Nua-Ghaeilge ginearálta
Seo iad na cóid ar an gcóras MU APPLY ar líne le cur isteach ar aon cheann de na roghanna thuas: MHU50 Lánaimseartha NÓ MHU51 Páirtaimseartha.
Tá tuilleadh eolais faoi na sruthanna MA thuas le fáil ar shuíomh Gréasáin Roinn na Nua-Ghaeilge.
Course Duration: 1 bhliain lánaimseartha
Notes:
Disclaimer
The modules below are indicative of the content associated with this course of study.
The modules are subject to change as the curriculum is revised and reviewed annually.
Careers after Grad Degree
Deiseanna Fostaíochta
Múinteoireacht ar an dara nó ar an tríú leibhéal; aistritheoireacht; iriseoireacht, na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta agus na meáin chumarsáide; riarachán. Is féidir le mic léinn a n-éiríonn go maith leo sa chúrsa seo tabhairt faoi PhD sa Nua-Ghaeilge.
Entry Requirements
Riachtanais Iontrála
De ghnáth, bunchéim Onóracha le Dara hOnóracha grád 2 (II.2) ar a laghad sa Ghaeilge agus grád II.1 ar a laghad i modúil na teanga a bhíonn ag teastáil. Déanfar iarratais a mheas freisin ó iarrthóirí a bhfuil céim acu in ábhair eile ach ar féidir leo an cumas cuí sa Ghaeilge a léiriú.
How to apply
Iarratas ar líne amháin. Chun iarratas a dhéanamh, cliceáil anseo le do thoil.
Le cur isteach ar do staidéar iarchéime roghnaithe in Ollscoil Mhá Nuad, cinntigh le do thoil go bhfuil na cáipéisí seo a leanas agat chun iarratas a dhéanamh:
- Fianaise maidir le do bhunchéim
- Tras-scríbhinní acadúla
- Cóip de do phas
- Ráiteas pearsanta
Beidh ar mhic léinn Scrúdú Iontrála/Agallamh a dhéanamh.
Ní mór go mbeadh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht curtha i gcrích ag iarratasóirí agus marc foriomlán de 65% bheith bainte amach acu.
Bíonn an clár seo ar siúl ar líne trí mheán na Gaeilge.